Buachaill an Chrá - Róise Nic Dhonnagáin - Amhrán Nuachumtha HD

22.08.2017
Tá ríméad orainn sár-ealaíontóir óg a chuir i bhur láthair. Léiritheoir ceoil - Kean Kavanagh. Seod an chéad amhrán den tsraith úrnua "Bogha Ceatha" Briseann tusa croíthe Seolann scamaill liatha Os cionn an tsaoil Do gháire geal mar lóchrann Do shúile, réalta eolais Go dtí gur bhris mo chroí Feicim thú trí shúile an tsaoil mhór Na bréaga beag is mór Mar néalta dubha bróin Is tú amuigh ag gáire is ag spraoi Is mé anseo gan bhrí An gcloiseann tú druma beag mo chroí? Buachaill an chrá Ní tú mo ghrá Bhuail tú bob is mheall tú mé Le bréaga bána ó do bhéal Buachaill an chrá Ní tú mo ghrá Ní bréagán mise dhuit níos mó Imigh leat ná fill go deo Mé fhéin is tú fhéin Ag caint gach oíche Go bánú an lae Tost mór fada anois tá ann Tá tú scuabtha chun siúil Gan focal slán Feicim thú trí shúile an tsaoil mhór Na bréaga beag is mór Mar néalta dubha bróin Is tú amuigh ag gáire is ag spraoi Is mé anseo gan bhrí An gcloiseann tú druma beag mo chroí? Buachaill an chrá Ní tú mo ghrá Bhuail tú bob is mheall tú mé Le bréaga bána ó do bhéal Buachaill an chrá Ní tú mo ghrá Ní bréagán mise dhuit níos mó Imigh leat ná fill go deo Ní bréagán mise dhuit níos mó Imigh leat ná fill go deo

Похожие видео