Grá Mo Chroí - "Love Like This" le Kodaline as Gaeilge HD
Íoslodáil leagan mp3/Wav: http://bit.ly/GraMoChroi Treisíonn an grá chuile mhothúchán dá bhfuil ionainn. Bíonn an díoma níos doimhne Bíonn an t-éad níos nimhní Bíonn lúcháir níos rímeadaí Agus bíonn an gean níos paiseanta Bhí oíche iontach againn á thaifead seo. Míle buíochas do chuile dhuine a ghlac páirt. Ritheacht tríd an lá breá sámh Tá an tseoid ag lasadh faoin ngrian Táim ag cuimhniú ort a stóir Oibríonn sé ar ár son, ár son, Ag leanacht na habhann, chomh domhain Tú ansin ag crú na gréine taobh amuigh B’shin é, b’shin é, b’shin é? Ach deir siad liom nach mbeidh tú ann i bhfad lem’ thaoibhse Ní bheidh tú ann – croí ‘s ceann ‘s tú ag athrú thart Ach is fada uaim an todhchaí Tá grá mo chroí anseo faoi dheireadh Tá ‘s a’am go bhfuil grá mo chroí anseo faoi dheireadh Ach is cuma liom, is cuma liom sa diabhal ‘G imeacht leat i lár na hoíche Súile dalla is cuma faoi I bhfolach thiar i scáthanna, is eá Ní bheidh aon solas riamh Rud amháin ar intinn a’am – níl tada uaim ach suaimhneas Caillte ag cuimhniú ‘s ag breathnú ar an rud a bhíonns ceart …. An orm a bhí an locht? Nó b’fhéidir gurb iad – do chroí ‘s ceann a bhí ag athrú thart Mmmm do chroí ‘s ceann a bhí ag athrú thart Tá grá mo chroí anseo faoi dheireadh Tá ‘s a’am go bhfuil grá mo chroí anseo faoi dheireadh Ach is cuma liom, is cuma liom sa diabhal