XCIX Bliain Ó Cuireadh Síol – 2k15 Gaeilge gan Eagla HD

01.01.2015
Seas i spiorad le mná & fir 1916 agus labhair amach as Gaeilge gan fuacht nó faitíos. Laoise Ní Nualláin le scoláirí chúrsa B 2014 lena leagan fhéin de “99 Red Balloons” le Nena. Bhí an “Kazoo Ensemble” (200 acu) ba mhó riamh in Éirinn rannpháirteach. Mp3/WAV: http://bit.ly/XCIXBliain Breacadh an lae ‘s mé i mo shuí, An ghrian ag ardú ag smaoiniú faoi Róthaí an tsaoil ag casadh thart Gach rud togha, gach rud ceart Ag breathnú siar chuig tús na slí Níor theastaigh uathu riamh aon Rí Ní ghéillfidh muid go mbeidh muid saor Naocha naoi bliain ón oíche aréir Naocha naoi bliain ‘tá thart Aisling fós ag dul i neart Barr an scéil ár dteanga fhéin B’in í a mian go mbeadh sí linn Gan bheith faoi chois b’in í a rogha Seas an fód, beidh gach rud togha ‘S iad a ghoil sa mbearna bhaol Naocha naoi bliain ó cuireadh síol Naoch naoi bliain imí thart Cuir an cheist “’bhfuil gach rud ceart?” Ár dtírín álainn sona sásta Lár an aonaigh, saoirse geallta Las an tine, croch do cheann Seo anois, seo’d é an t-am Ár dtodhchaí inár lámha fhéin Naocha naoi bliain ón oíche sin Naocha naoi bliain ‘nois ón am D’éirigh óg ‘s aosta amach Lasadh solas geal na saoirse Mairfidh sé ar feadh na cianta Ag suí anseo ag crú na gréin(e) Airím slán i m’intinn fhéin Seasfaidh muid i spiorad leo Labhairt na Gaeilge bhinn go deo Naocha naoi bliain ‘tá thart Aisling fós ag dul i neart Barr an scéil ár dteanga fhéin Ba í a mian go mbeadh sí linn Gan bheith faoi chois b’in í a rogha Seas an fód, beidh gach rud togha ‘S iad a ghoil sa mbearna bhaol Naocha naoi bliain ó cuireadh síol

Похожие видео