"Forever Young" le Alphaville as Gaeilge HD
Rút Ní Fhógartaigh & Cúrsa D ag beilteáil amach bailéad clasaiceach óna hochtóidí. ‘Sé Stiofán Ó Fearail a d’oibrigh ar na liricí agus mar is iondúil tá sár-jab déanta aige dhóibh. Leag síos an claíomh, ‘s damhsaigh ar aghaidh Na flaithis ar fán, gan solas taitneamh ar m’aghaidh Tabhairt ’n oiread ann ach ag súil bheith i ngann Bhfuil an spéir ag titim orainn fós? Lig dhúinn bheith ann nó lig dhúinn imeacht le taoile Ní linne an chumhacht ach ní ghéillfidh muid choíche Seasamh lár an stáitse, an saol ina chuirtín. An ceol binn ár spreagadh A bheith in ann Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann ‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo Le bheith ann, a bheith ann A bheith in ann Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann ‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo Ba mhaith liom a bheith in ann Cuid mhaith nós uisce cuid a’inn eile nós fíon Cuid a’inn an ghealach ‘s cuid eile an ghrian Inniu nó amárach mo mhianta ar fán A’ bhfanfaidh siad ann? Níl mé ‘g iarra’ imeacht nós an éigh bhán Níor mhaith liom bheith caillte nós an fhile dhaill An óige nós diamaint thíos faoin ngrian Is mairfidh siad go’n deireadh An oiread sin aistir nár tharla faraor An oiread sin amhráin nár chan muid riamh An oiread sin brionglóidí ‘tá tagtha i dtír Ó lig dóibh bheith fíor A bheith in ann Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann ‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo Le bheith ann, a bheith ann A bheith in ann Ba mhaith liom i gcónaí bheith in ann ‘G iarra’ rian a fhágáil ar an saol seo Ba mhaith liom a bheith in ann