"Cold Water" le Major Lazer & Justin Bieber as Gaeilge HD

09.09.2016
Seán Ó Sé ag canadh beo in éineacht le ceoltóirí & cór chúrsa D. Seo’d é an chéad fhíseán de 30 a déanadh i gcaitheamh an tsamhraidh. Beidh muid tamall fós i mbun eagraithe (fuaim& fís) – ach is fiú go mór iad a chríochnú amach i gceart. Tá sé i gceist ceann a chuir beo chuile Aoine . Coinneófar roinnt siar don tsraith cláracha “Lurgan Beo” a bheas á chraoladh ón 31ú Deireadh Fómhar go 4ú Samhain, mar chuid de chomóradh 20 bhliain TG4. So, ná biodh imní ar dhuine ar bith - feicfear chuile fhíseán ón samhradh. Liricí Bíonn dúshláin nua de shíor, gach lá, ar ndó Bain ceol as a bhfuil thart ort sin é do ghnó So, glac anáil dhomhain ‘is lig di ealú Ni ghabhfaidh tú riamh faoi ‘s mé ar do thóir ‘S i bpreabadh súl ni chuimhneoinn léimt do dhiaidh Insan gcoire guairdill gcóir thú Fiú, dá gcoinnfí thíos mé D’fhéadfá braith ormsa Gan riamh thíocht i dtír gan thú Déan cinnte dó S’ ná lig dhó Beidh mé do tharrthál anocht S’ ná lig dhó Beidh mé do tharrthál anocht

Похожие видео